CÚIG CHLEAS CHLISTE chun Cabhrú le do Shláinte Intinne

 

sign_up_icon-1
snaglogo

Aisling-N-Chonaire

 

Aisling Ní Chonaire, Aontas Na Mac Léinn, Coláiste na Tríonóide:

Agus é ag teacht níos cóngaraí do am na scrúduithe, bíonn sé an-deacair am a thabhairt duit féin, nó aire cheart a thabhairt duit féin, leis an mbrú ar fad. Anseo, tabharfaidh mé cúig shampla de chleasanna cliste gur féidir leat a úsáid, gan mórán stró, cleasanna nach dtógfaidh níos faide ná 30 nóiméad ort.

 

1. Scríobh

Scríobh síos pé rud atá ar do intinn agat. Ní gá go ndéanadh sé aon chiall agus ní gá duit féachaint siar air, ach is féidir ualach mór a bhaint de d’intinn nuair a chuireann tú síos ar pháipéar é. Nó cén fáth nach dtosaíonn tú dialann buíochais a scríobh. Gach oíche scríobh síos 5 dea-rud a tharla i rith do lae. Bain triall as ar feadh seachtaine agus féach conas a mhothaíonn tú leis.

2. Ceangal leis na daoine timpeall ort

‘Faoi scáth a chéile a mhaireann na daoine’. Coinnigh súil ar na daoine atá timpeall ort agus lig dóibh siúd súil a choimeád ortsa.
Tosaigh comhrá le cara leat. Déan miongháire le duine éigin agus beidh tú cinnte go ndéanfaidh siad ar ais leat é. Bain trial as! Bheadh ionadh ort an chumhacht atá ag miongháire http://www.youtube.com/watch?v=U9cGdRNMdQQ&feature=relmfu.

So, cuir ceist ort féin, ar dhein tú miongháire inniu?

Mionghaire

3.Rith

Bímse féin beagán tógtha le rith… OK, tá mé an-tógtha le rith. An bua a bhraitheann tú tar éis an chéad choiscéim amach an doras, na radharcanna a thabhairt faoi deara pé áit a bhíonn tú ag rith, agus go speisialta an fholláine a bhraitheann tú ina dhiaidh (tar éis go n-éiríonn leat do anáil a shocrú). An rud is dúshlánaí faoi ná an chéad choiscéim sin a thógaint. Cén fáth nach dtéann tú ag sodar go bog réidh an chéad rud ar maidin, nó sula dtéann tú i do luí? Mar dhaoine, cruthaíodh muid chun a bheith ábalta rith achar fada, rud a bhíonn deacair a chreidiúnt, uaireanta! Tá leabhar le Christopher McDougall, Born to Run, a mholfainn do éinne a léamh. Chun blaiseadh a fháil de féach ar a TEDtalk anseo http://www.youtube.com/watch?v=b-iGZPtWXzE.
Rith

4.Aireachas agus Análú

Tóg dhá nóiméad as do lá agus bí socair. Análaigh go domhain agus tabhair faoi deara conas a bhraitheann do chosa ar an talamh, do lámha ar an mbord, na fuaimeanna atá timpeall ort. In amanna de dhian-strus is féidir le análú tú a shocrú ar ais go dtí an aimsir láithreach, rud a chiúnaíonn do aigne agus a fhaigheann réidh leis an strus.
Analu

5. Uisce

Moladh beag amháin eile uaim: in áit cupán amháin caifé a ól bain triail as gloine uisce i rith an lae! Faigh réidh leis an Blue Bear, an Starbucks, an Coke agus beir greim ar bhuidéal Ballygowen.

Plean Éigeandála

Sula n-éiríonn rudaí ró-dhian, nó sula dtagann an iomarca struis ort, scríobh síos na rudaí a dhéanfaidh tú chun an brú a mhaolú. Cé air a nglaofaidh tú? Cá rachfaidh tú? Cad a dhéanfaidh tú? Má bhíonn machnamh déanta agat orthu seo roimh ré – sula n-éiríonn rudaí ró-dheacair le deighleáil leo – beidh sé a bhfad níos fusa duit sa ghearrthéarma.

Tá sé soiléir go bhfuil an-chuid rudaí beaga fiúntacha gur féidir linn ar fad a dhéanamh. Is é do chinneadh féin é a oibriú amach cad iad na cinn is fearr a fheileann duitse go pearsanta. Má tá tú ar thóir roinnt smaointe dearfacha eile, caith do shúil ar an nasc seo: http://www.thefreedomexperiment.com/2011/10/28/55-gentle-ways-to-take-care-of-yourself-when-youre-busy-busy-busy/.

Related Posts

Leave a Reply

See Change
Accessibility